Rothair Phoiblí Chomhroinnte
In 2017 d’athraigh Bleeper an earnáil rothar ar cíos ó bhonn nuair a bhunaigh siad an chéad chomharsheirbhís rothar in Éirinn nach gá na rothair a pháirceáil i stáisiún. Cuireann an aip Bleeper ar chumas úsáideoirí rothair Bleeper a aimsiú agus a fháil ar cíos gan aon dua ar fud Bhaile Átha Cliath. Urraíonn Payzone ár rothair phoiblí.
LeaseBike
Na tairbhí go léir atá le baint as rothar a bheith i do sheilbh agat, tá siad faoi do réir ach gan aon chuid den dua a bhaineann leis sin ort. Nuair a úsáideann tú seirbhís Leasebike Bleeper, gheobhaidh tú do
rothar leictreach féin (a oireann go seoigh do thurais a dhéanamh thart faoin gcathair) agus ní bheidh ach síntiús seachtainiúil le híoc. Tá costais chothabhála agus deisiúcháin san áireamh sa táille aíocann tú go seachtainiúil.
Siopa Rothar
Déanann Bleeper sainchúram de rothair leictreacha agus lastrothair a dhíol agus rogha leathan cineálacha rothair acu chun freastal ar pé riachtanas a bheadh ag duine. Tabhair cuairt ar ár seomra taispeántais ar Shráid an Droichid Íochtarach i lár chathair Bhaile Átha Cliath chun turas trialach a dhéanamh.
Seirbhísí Eile
Cuireann Bleeper réitigh rothaíochta shaincheaptha gnólacht le gnólacht ar fáil d’eagraíochtaí ar fud Bhaile Átha Cliath, san earnáil phoiblí agus san earnáil phríobháideach araon. Ar na seirbhísí a chuirimid ar fáil tá Leabharlanna Rothar, Sladmhargaí um Rothaíocht chun na hOibre agus Réitigh Pháirceála Rothar. Gach seirbhís a bheadh de dhíth chun rothaíocht a dhéanamh mar dhlúthchuid de ghnáthamh laethúil d’eagraíochta, tá siad ar fáil ó Bleeper.